School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 148
  3. XML “Stróinséir na Nollag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó , agus ní raibh aoinne sa tsaoghal aigeach aon mhac amháin. Na h-aon oidhche Nodhlag thagadh stróinséar éigin chúcha i gcóir lóisdín na h-oidhche , ach an oidhche seo ní raibh aoinne ag teacht. Bhí mí-fhoidhne ag teacht ar an athair ,agus dubhairt sé leis an mac dul amach féachaint an bhfeicfeadh sé aoinne ag teacht. Do chuaidh . Ní fheaca sé aoinne ag teacth ar feadh tamill mhaith , ach sa deire thiar thall do chonaic sé fear ag teacht treasna ná páirce agus chuaidh sé fé na dhéin. D'fhiafruig an fear de'n gharsún cá bhfaigheadh sé lóisdín na h-oichdhe. Dubhairt an garsún leis teacht go dtí na tigh féin. D' imthigheadar ortha. Chuadar isteach agus bhí an -áthas ar an athair nuair a chonac sé go raibh stóinséár tagaithe i gcóir na h-oidhche. Tugadh a shuipéar do'n stróinséar, agus is go fial agus go fáilteach a tugadh dó é. Chaith an stróinséar an oichche ag innsint sgéalta , agus is mó rud greannmhar a innis sé dóibh, agus is mó gáire a bhain sé asta, i dtreo ro raibh an oidhche ag sleamhnúghadh go tapaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Drisceóil
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheál Ó Seochfhradha
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Buaile Uí Chuill, Co. Kerry