School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 137
  3. XML “Giolla an Mhailítis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí triúr páistí aici. Do chuir sí a codhladh iad tráthnóna Dé Satharn. Níor mhaith léi tosnú ar an abhras tráthnóna Dé Satharn. Do tharraig sí chúiche mála lín chun go mbeadh sí ag caitheamh ha h-oidhche dí féin. Ní raibh aon tslíghe beatha aici acht ag sníomh is ag cárdáil. Do bhuail chíúiche isteach is d'óidhche fear. Téidhr a codladh a chailín chríonna.. Fan go fóill a ghiolla mailítis. Cad na thaobh san a chailín chríonna. Go gcárdáilfeadh an rob beag líon sa Chárdaí duitse agus cardaí dómh-sa agus beidh sé cárdála fé cheann nóimeat agus dubhairt , Téidhir a chodhladh a chailín críonna .Fan go fóill a ghiolla an mhailítis. Cad na thaobh san a chailín chríonna. Go snímhfadh an rob beag líon sa. Turn duitse agus turn dómh-sa agus beidh sé déanta fé cheann nóimeat agus do bhí sé déanta fé cheann nóimeat. Téidhir a chodladh a chailín chríonna . Fan go fóill a ghiolla an mhailítis. Cad na thaobh san a cháilín críonna. Caithfead é dhealbhú anois. Ceann duit-se agus ceann dómh-sa agus beidh sé déanta fé cheann nóimeat. Teidhir a chodladh cháilín críonna. Fan go fóill a ghiolla mailítis. Cad na thaoh san a chailín críonna. Mar caithfeadh éadach a dhéanamh de. Seól
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheal Ó Diolláin
    Gender
    Male
    Age
    71
    Address
    Cinn Aird Thiar, Co. Kerry