School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 121
  3. XML “An Fear a Chuaigh ag Obair ar Chomhairle”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Doo théigeadh buachaillí fadó ,pósta agus sgaoilte go Condae Luimnigh ó Bhaile 'n Sgeilg ag tuilleamh a mbeathadh . Bhí fear amháin agus do bhailigh sé leis agus d'fhág sé a bhean agus seisear clainne na dhiaidh. Bhí an mac críonna seacht mbliadhna d'aois nuair fhág sé an baile. Bhí sé ag cur de riamh is chóidhche go dtí gur shrois sé Tráighlí. Do dheaghaidh sé isteach i dtig cois na sráide agus do loirg sé lóisdín na h-oidhche. Dubhairt fear an tíghe go bhfaigheadh is fáilte." Cá bhfuil tú ag dul? " arsa fear an tíghe leis."Táim ag lorg máighistir" ar seisean. " Is maith mar a tharla" arsa fear an tíghe." Buachaill ar lorg máighistir agus máighistir ar lorg buachalla. Is tú atá uaim" ar seisean." An fada ba mhaith leat go n-oibreóchainn duit?" arsa fear Baile'n Sgeilg. "Bliadhain arsa an fear eile." Agus cad é an págh a thabharfá dom , arsa fear Bhaile 'n Sgeilg." Seo an págh a thabharfad duit" ar seisean ,go dtabharfá bliadhain oibre dhom ar chomhairle"!Is beag liom mar phágh é ", a dubhairt fear Bhaile 'n Sgeilg." Is cuma dhuit ," adubhairt an fear eile , bféidir go n-oirfeadh cómhairle duit. Do thug sé an bhliain aimsire d'fhear an tíghe. Nuair a bhí an bhliadhain suas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish
    Collector
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Dómhnaill Ó Cróinín
    Gender
    Male
    Age
    61
    Address
    Dungeagan, Co. Kerry