School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 119

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 119

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 119
  3. XML “An Leanbhán Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí leinéan sídhe ann uair amhain agus cailleadh a máthair nuair a bhí sí ana óg. An tráthnóna so áirithe agus í ag teacht lé cliabh móna cad a chífeadh sí ach an sluagh sídhe agus a máthair na measc. Tháinig a máthair ag cainnt lei agus eise ag breathnú ar an sluagh. Ba ghéarr gur ghaibh fear thar brághaidh agus ceathamhadh mairt ag sileadh leis. Dfhiafruig an cailín dá máthair cad na thaobh go raibh an mhairt ar sileadh leis. Tá dubhairt an mháthair nuair a bhí sé seo ar an saoghal so ghoid sé féin agus triúr eile bó agus cuireadh mar phionós air seo ar an saoghal eile ceathamhadh di a iompar. Dimthig an mháthair uaithi annsan agus chuaidh sí sin abhaile. Thárlaidh go raibh fígheadóir ar an mbaile agus buaileadh breóite é. Uncail do'n leinéan ab eadh é. Na h-aon oidhche thagadh fear ón saoghal eile fé na dhein ach chosamúodh an leinéan é. An naomhadh oidhche ní raibh an leinéan ag teacht agus níor bhfada go dtiocfadh an namhadh. Bhí mí-fhoidhne ag teacht ar an bhfígheadóir agus seo mar adubhairt sé:-
    Tá an teine gan choigilt
    Is an solas gan múchadh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheal Mac an Roigh
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Kerry