School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 116
- XML “Gabha na gCleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí feirmeóir ann fadó,agus bhí aon mhac amháin aige agus n'fheadar sé cad í an cheárd a chuireadh se roimis. Ach chomhairlig duine éigin an t-áthair, agus dubhairt sé leis é féin agus a mhac do dhul go dtí crois na dtrí rian, agus an chéad duine a gheobhadh thar brágaidh a fhiafruighe dhe cad é an chéard a chuireadh sé roimh a mhac, Dhein sé mar a dúbhairt leis. D'imthig sé féin agus a mhac leo go dtí cros na dtrí rian. Níor b'fhada a bhí sé ann nuair a bhuail fear chúchaar dhrom chapaill. Do stad an fear eile é , agus d'fiafruigh sé dhe cé'n chéard a chuireadh sé roimh an mac. " Sgaoil chúgham-sa é agus múinfeadh ceárd do", ar seisean. " Agus cathain a bhuailfeadh -sa leat arís", arsan an fear eile. "Bí annso arís ag an gcrois seo i gcionn lae is bliana ó'n lá indiu", arsa fear an chapaill. D'imthig an t-athair abhaile , agus é go sásta leis féin mar gheall ar an margadh a bhí déanta aige le fear an chapaill. Tháinig an lá agus an bhliain, agus má tháinig do bhí athair an bhuachalla deo age cros na dtrí rian. Tháinig fear an chapaill ach(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Seochfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry