School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 114

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 114

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 114
  3. XML “An Fear Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear siúbhail ann fadó. Aon oidhche amháin bhí sé ag siubhal roimis is bhuail duine marbh leis ar thaobh an bhóthair, Bhí bróga maithe air agus dubhairt an fear siubhail i na aigne féin gur mhaith an rud dá mbeidís aige. Tosnuig sé ar iad a bhaint dá chosa ach ní thiocfaidís de i naonchor mar bhí an oidhche ag cur seaca, agus bhí cosa an fhir mhairbh réoidhte ag an sioc, Nuair ná raibh sé ar a chumas iad a bhaint de níor dhein sé aon nídh ach na cosa a ghearradh ós na glúibibh do' n duine marbh is buail sé chuige ar a ghualainn iad. Chonnaic sé solas i bhfad uaidh is dhein sé fé dhéin an tíghe, Botháinín beag ab eadh é is gan aoinne na chónnuídhe ann ach bainntreach .Leog an fear siubhail dhá chois an duine mhairbh amuich lé hais bhínn an tíghe is chuaidh sé isteach . Diarr sé loisdín na h-oidhche ar an mbaintreach is dubhairt sé ná raibh aon tslíghe aici dhó, mar go raibh cráin mhuice sa tig is go raibh eagla uirthe go n-íosfadh sí é. Dubhairt sé léi gan aon eagla bheith uirthe go radhadh sé anáirde ar an mbórd uaithi. Toilig an bhaintreach leis, is chuaidh an fear siubhail a chodladh ar an mbórd. I lár na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Padraig Ó Concubhair
    Gender
    Male
    Age
    46
    Address
    Ceannúigh, Co. Kerry