Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 071

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 071

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 071
  3. XML “Más Cam Fillfidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an tsean - aimsir fadó sar ar raibh aon tsolas sa Sceilg.Bé an duine gur leis an chloch san am san ná an Seana- Bhuithléarach ar an gCoirreán agus maireann cuid dá threabhachas fós ann. Do bhí cúigear nó seisear fear tógtha ar a bpágh aige chun féachaint i ndiaidh na cloiche agus gan leogaint daoinne aon chur 'isteach ar na h-éanlaithe a bhí na gcómhnuidhe innte. Ón Rínn i mBaile 'n Sgeilg ab eadh iad san mar fhearaibh agus théighdís cúpla uair sa tseachtmhain i rith an t Samhraidh le bád sa chloich. Seán Ó Leidhin ab ainm den fhear a bhí mar captaoin ortha. . Aon mhaidean amháin is iad ag dul ann is nuair a bhíodar ag cur Ceann Bólais amach díobh do labhair duine de 's na fir. Donnchadh Ó Drisceóil ab ainm de agus fear ana ghéar radhairceach ab eadh é. Tá an chloch robálta ar seisean leis na fir. Cá bhfios duit ar siad san. Tá bád i gCuas an Daill sa chloich agus crann na sheasamh innte. Is amhlaidh a bhí an chuid eile ag gáiridhe fé mar bhí an chloch naoi míle uaidh san am san.. B'fhíor de mar nuair a shroiseadar an Sgeilg bhí naomhóg ón nDaingean ann rómpa agus na fir i dtír agus bhí mórán éanlaithe marbh acu. Thugadar fé mhuinntir an Daingin a thógaint chun príosúnaigh a dheanamh díobh ,ach do bhí cath mór acu ar slíghe gur briseadh lámha agus cosa chuid acu agud do cheangaluigheadar annsan iad agus thugadar leó sa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Leathlobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Eamonn Ó Leathlobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Kerry