School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 069
- XML “Na Trí Snaidhm”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhás ná scaoil an tríomhadh snaidhm. Do dhein Tadhg mar a dubhairt an bhen leis. Nuair a scrios sé Oileán na gCánóg dubhairt sé ná raghad sé abhaile go dtí go mbeadh fhios aige cé'n bun a bhí leis an tríomhadh snaidhm. Do chuaidh a bheirt páirtithe bog is cruaidh air gan é dhéanamh. Dubhradar go rabhadar buidheach go leór mar gheall ar an méid de'n bhfarraige a bhí curtha dhíobh acu. Nuair a chas sé isteach i Góilín do scaoil sé an tríomhadh snaidhm i n-aimhndheóin na bpáirtithe. Do shéid an gala is mó a shéid ó shoin, agus do stracadh na seolta agus do briseadh an crann, agus do caitheadh isteach i n-Oileán beag an bád.
Ar feadh dhá mhíle tímcheall an Góilín níor fhág an gála coc féir ná díon ar thig gan reabadh. B'shin an turas dereannach a thug Tadhg Rábach i n-a bhád.- Collector
- Síghle Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Seochfradha
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry