School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 056

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 056

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 056
  3. XML “An Buachaill gur Theastaigh Cuntas uaidh cé acu ab Fhearr Slí a Athar nó a Mháthar chun Dé”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé de nós aige mart do mharbhúghadh i n-onóir do Naomh Mártain gach aon bhliain nuair a thagadh Feile Naomh Mártain. Bhí sé ag cur de mar sin ar feadh beagán blianta agus do cailleadh é. An lá a bhítheas dá thórramh agus 'lá na sochraide b'iad na trí lá a tháinig riamh ba mheasa as an spéir le báisteach agus le gála, Bhí aon mhac amháin aige agus an cead Féile Naoimh Mártain a tháinig dubhairt an mac go leanfadh sé féin nós a áthar, Thug sé leis caoire ó'n gcnoc agus do mhairbh sé í , agus má mhairbh do thosnuig a mháthair á bhearradh agus á scóladh. Dubhairt sí leis nár bheag dá athair bheith símplídhe agus gan é sin a bheith ag leanúint an nós céadhna. Níorbh aon chabhair di bheith leis. Bhí an canncar chómh mór san uirthi gur scaip sí an teine dhearg amach ar an dteinteán. Bhí an cat 'na shuidhe ar lic an teínteáin agus do beir cuid de'n teine air, agus má bheir dhírigh sé ar bheith ag lasadh, agus má dhírigh siúd sa tsiubhal é anáirde ar an lochta agus sé an céad áit a bhuail leis ná cleibhín olna a bhí ar bhrághaid an lochta.Do sháidh sé é féin isteach san olainn agus má sháidh siúd leis an olainn ag lasadh. Nuair a chonnaic an bhean an olann fé theine do bhéic sí agus dubhairt sí go raibh a cuid airgid ar fad i gcliabh na h-olna agus go loiscfí é. Siúd anáirde ar an lochta í
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Drisceóil
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheál Ó Siochfhradha
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Buaile Uí Chuill, Co. Kerry