Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 021
  3. XML “An Sagart agus an Garsún”
  4. XML “An Sagart agus an Garsún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    21
    beag. Maidean Dé Domhnaig airís, do ghaibh an sagart thar brághaid, agus bhí Seán san áit céadhna roiumis. Seadh " a Sheaín arsa'n sagart, ar dheinis an rud san adubhart leat. Ó arú dheineas arsa Seán, ach [?] mbeirid an diabhal Ár n-Athair atá ar Neamh leis, mar do bhris [?] cos Go mbeannuighthear duit a Mhiure.
    [?] an duine go bhfuaras an scéal uaid. Conchúbar Ó Dálaig.
    a aois. 62 bliadhna.
    a sheóladh. Ceannárd, Baile'n Sceilg.
    Síghle Ní Shúilliobháin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí sagart paróiste i gCíll Orglan fadó, agus maidean Domhnaigh bhí sé ag dul go Gleann Cárthaig ag léigheadh Aifrinn. Do Chonnaic sé scata garsúin ag imirt báire ar páirc a bhí ar thaobh an bhóthair. Labhair duine des na garsúin agus dúbhairt sé fear maith 'a dhiabhe is fear maith a dhiabhail. Do Léim an sagart anuas dá chapall,agus níor bhraith an garsún aon nídh, gur bheir sé greim ar dhá chluais air. Ní móide go bhfuil do phaidreacha chómh maith san agat arsa 'n sagart. Tá gach ar múineadhd díobh dom agam arsa an garsún.Cé mhéid Dia ann arsa 'n sagart. Bog dem' chluasa arsa 'n garsún,agus inseoidh mé duit é. Cé mhéid Dia ann arsa an sagart an tarna uair. Bog demh chluasa , agus innseófaid mé duit é arsa an garsún. An trímadh uair d'fiafruig an sagart de cé mhéid Dia a bhí ann. Bog dem ' chluasa agus inneósfaidh mé duit
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac an Roigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    66
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Kerry