School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 020

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 020

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 020
  3. XML “An Sagart agus an Garsún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sagart paróiste ag dul ó Dhúngégáin go dtí an Gleann maidean Domhnaig chun Aifreann do léigheamh. Trí chómhangar an chnuic do ghaibh sé, mar ní raibh aon bóithre ann san uair san ach cosáin. Bhuail garsún leis ar an gcnoc, ag aodhaireacht gabhar. Do labhair an sagart leis, agud d'fhiafruig sé de, cad ab ainm . Seán is ainm dom arsa an garsún, Cad fá ná fuileann tú ag dul go dtí an t-Aifreann arsa an sagart.Ó caithfeadh aire a thabhairt do'n dá ghabhar so , mar níl sa tsaoghal agam féin agus agam 'mháthair ach iad ( dá ghabhar so) , agus dá n-imtheóchadh aon ní ortha , bhíomair creachta go deó. B'hfuil do phaidreacha agat arsa ana sagart leis. Níl paidir ná cré agam arsa Seán mar níor múineadh dom chuige iad. Seadh anois, a Sheáin, bheinn ana bhuidheach díot , dá ndéanfá a méid seo orm. Déanfadh arsa Seán mar a bhfuil sé ró thrioblóideach. Ó níl sé trioblóideach i -n aonchor arsa an sagart. An bhfeiceann tú an gabhar mór sin ansan, glaoid " Ár n-Athair atá ar Neamh ar sin,agus an bhfeiceann tú an gabhar beag, glaoidh" Go mbeannuighthear duit a Mhuire ar sin, agus abair é sin trí uaire gach maidean, agus tiocfad ag cainnt leat arís Dé Domhnaigh seo chúghainn. Ó déanfad ssan arsa Seán, mar is fuiriste é dhéanamh. Seadh , bhí san go maith, is ní raibh go h-olc, go dtí tráthnóna Dé h-Aoine. Bhí an dá ghabhar ag inbhear anáirde ar splinnc carraige, agus Seán 'á naodhaireach mar ba ghnáth. Thug an gabhar mór poc do'n ghabhar beag , agus do chaith le fánaid é agus do briseadh a chos., Bhí Seán go craidhte, agus do thóg sé leis abhaile an gabhar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Gender
    Female
    Informant
    Conchúbhair Ó Dálaig
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    Cinn Aird Thoir, Co. Kerry