School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 018

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 018

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 018
  3. XML “Bríghde agus na Buachaillí Bána”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fir. Do thóg sé coineall céireach amach as máilín beag do bhí aige agus do las, agus do chuir ar an mbórd é. Annsan do chrom sé ar bheith ag déanamh fothraim ar fuaid a 'tíghe, féachaint a raibh aoinne de mhuinntir an tíghe 'na ndúiseacht, ach mo mhairg ní raibh ach amháin Bríghde bocht. Do bhí sé de geasa ar an gcoinill sin ná féadhfadh duine ná daonaide dá raibh istigh sa tigh dúiseacht as a suan. Nuair a bhí an méid sin déanta aige, chuaidh sé amach ar lorg cabhrach , agus ní luaite a bhí sé imithighthe thar táirsig , ná d'éirigh Bríghde agus do chuir sí an babhalta ar an ndoras. Annsan do thosnuig sí ar bheith ag glaodh ar mhuinntir an tíghe, ach má seadh níor b'aon mhaitheas faid a bhí an coineall ar lasadh. Do dhein sí gach iarracht ar é mhúcadh, ach níor éirigh léi, Ba ró ghearr gur bhraith Bríghde an fear a ghaibh amach ag teacht chun an dorais agus cabhair aige. Do labhair uaidh isteach leí, agud dubhairt . Tá an méid sin déanta agat a rascail , ach is gearr go ndíolfair as. Dhera dóbair go dtuitfidh an t-anam as Bríghde bhocht , nídh nár b'ionghnadh, nuair a ( chonaic sí duine des na buachaillí bána ag teacht anuas an simné chúiche. Níor dhein sí ach breith ar thuagh bheag a bhí i n -aice teine,agus an ceann a sciobadh dhe. Do tháinig duine eile , agus sí an cleas céadhna leis. Do bhíodar ag teacht 'na nduine is na nduine , agus í sin ag baint na gceann díobh , go dtí go raibh seisear nú mór -sheisear ar lár aici., ach ní raibh beithiúnach a leog air bheith 'na seanabhean ' na measc san i n-aonchor, ach do bhíodh sé ag labhairt uaidh anuas go minic ó bharra an t-simné le Bríghde, á rádh go ndíolfadh sí as uair éigin, pé u air é. Do bhí Bríghde sásta go leor , nuair a bhí sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0956B: The Clever Maiden Alone at Home Kills the Robbers
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheal Mac an Roigh
    Gender
    Male
    Age
    66
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Kerry