School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Achadh Tiobraid
- XML Page 110
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Páirc an Liosacháin:-Tá lios ins an bpáirc sin. Tá sé leathan agus cruinn leis, agus poll mar doras ag dul isteach ann. Tá an poll sin ina láir agus "flag" os chionn an phuill. Deirtear má théigeann duine isteach ann, go bfaigeadh sé poch éigin, agus go mbeadh sé ina mhairtíneach taréis oidhche.
SGÉAL I dTAOBH LIOSACHÁINBhí dúine bocht ann fadó, agus bhí cú aige. D'imthig sé as dhéirig giorrfaidh amach as liosachán. Seadh d'imthig an cú ina dhiaidh. Má imthig ní raibh aon tairbhe ag an gcú a dhéanamh cun breith suas leis. Thug an chú snap ar ceathramhain air. Má thug níor chinnibh sí é, acht ruainne de chroicheann breith ina bhéal.Tháinig an fear abhaile, é féin as an chú. Tig beag a bhí aige. Ní raibh aoinne ina theannta, acht é féin as an cú istig san tigh. Tamaillín taréis an oidhche tuitim thainig preabaire de mnaoí óig isteach cuige.(continues on next page)