School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An Br. B. L. Mac Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 058

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 058

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 058
  3. XML “Tomhasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tómhas: Níl sé amuich ort níl sé istig ort tá sé ort is ní trom leat é. Cad é?
    Freagra: t-Ainm.
    T: Fear fada gléigeal is crios da thaobh féin air. Cad é?
    F: Punann coirce
    T: Molt mór dubh donn idir dhá gleann. Nuair a bhogann an mholt mór dubh donn bogann a dhá gleann. Cad é?
    F: Asal agus dhá cliabh air.
    T: Cé'n taobh de'n cupán ina bhfuil an cluas?
    F: An taobh amuich.
    T: An bhfeaca tú riamh leath ceann muice le dhá shúil?
    F: Chonnaic lem dhá shúil féin.
    T: Cad tá cosmhail le cruit an capaill?
    F: Cruit capaillín.
    T: Cad na taobh caipín bán beith ar an mbaicéir?
    F: Cun a ceann do clúdach.
    T: Cad é an rud a théigheann don cathair ach na gluaiseann sé?
    F: Bóthar.
    T: Ceann ar nós mearacáin agus earbaill ar nós luice. Cad é?
    F: Píopa.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    Sean de Barra
    Gender
    Male
    Informant
    Sean Ó Conaill
    Gender
    Male
    Address
    Carhan Lower, Co. Kerry