School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgheal
Bhí dreóilín ann sá t-sean aimsir ag [!] bhí sé ag dul do a mhuirighin mhór a thógáil. D'iarr sé iasacht chúig bpúnt ar chorr-sgréacóig agus thug an chorr-sgréacóig do an tairgead. Nuair a tháinigh an Foghmhar chuaidh an corr-sghréacóg go dtí an dréoilín go dtí an dreóilín [!] ag lorg an airgid thar nais. Fá'n am sin bhí chuile ceann de na dreóilíní óga comh mór leis an sean-dreóilín agus níor aithnig an corr-sgréacóg aon ceann aca tar a chéile. "Ní bhfuair mishe pinghin ar bith ar iasacht uait" arsa ceann eile. Dubhradar uilig an rud cheudhna nó go mbéighin don chorr-sgréacóg imtheacht gan an t-airgead dfágáil. Casadh an sionnach uirthi agus d'innis sí dó an beart a dimir na dreóilíní uirthé. Do gheall an sionnach go dtabharfadh sé chúiche an sean-dreóilín. Nuair a tháinig an sionnach san áit a raibh an dreóilín agus a dháreág mach, chonnaic sé iad ag piocadh péistí as iomairí. Bhí cloigeann péistí ag teacht anuas as an gcréafóig agus rug ceann de na h-éanacha ar cloigeann ac do theip(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Cobhthaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Tadhg Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- The Old Road, Co. Kerry