School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An Br. B. L. Mac Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 014

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 014

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 014
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal:-
    Sgéal Grinn.
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé na chómhnuidhe i gCathair Saidhbhín. Bhí capall agu[s] cóiste aige agus san aimsir sin ní raibh aon chapall ná cóiste ag aoinne eile mór dtimcheall na háite. Bhí dúil aige sa bhraon agus nuair a bhíodh an tól tóghtha aige bhíodh sé crostálta. Aon lá amháin bhí sé ag troid le fear eile. Tháinig na píléirí agus do bheireadar air agus do thógadar leo go dtí an mbeairric é. Lá na cúirte chuir an breitheamh deich sgillinge fíonálá air nó mí sa phriosúin. Nuair a tháinig na píléirí ar lorg an fíonála dubhairt sé leó ná dhíolfhadh sé an fhíonáil. Leig sé leó é a thógaint go dtí an phriosún agus nuair ná raibh aon tslighe eile chun é thabhairt go dtí an bpriosún ach le na capall agus a chóiste féin dubhairt sé go gcaithfeadh sé dhá phúnt dfághail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Domhnaill Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Informant
    Pádraig Ó Ceallaig
    Gender
    Male
    Address
    Portmagee, Co. Kerry