School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 003
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéul :-
Donnchadh agus Naomh Branndán :-
Bhí fear ann fadó, agus fadó a bhí, fear bocht d'arbh ainm Donnchadh Diag. Bhíodh cómhnuidhe air i mbothán bheag inaice coille i gceart-lár Chonndaé Chiarraighe. An t-am san ní raibh Éire comh lom is tá sí anois mar go raibh sí clúduighthe le coillte móra bréaghtha. Bhíodh na coillte comh tiugh flúirseach fairsing sin an t-am úd go ndeirtí go bhfeadfhadh cat crainn thaisdeal ó Dhaingean Uí Chúise go dtí Cathair Chorcaighe gan fiú is cos do chur ar an dtalamh. Anois, bhí Donnchadh ana-bhocht agus bhí annscian mná aige. Mar sin, idir a mhnaoi agus a bhochthanas ní bhiodh aon tsuaimhneas riamh ag an bhfear mbhocht. Maidin bhreagh samhraidh dá raibh Donnchadh ag caitheamh a phíopa go ciúin cneasta dho féin i gcúinne an tighe, seo isteach chuige a bhean agus thosnuig si 'ghá(continues on next page)- Collector
- Diarmuid Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Garranebane, Co. Kerry
- Informant
- Diarmuid Ó Séaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Garranebane, Co. Kerry