School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An Br. B. L. Mac Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 610

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 610

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 610
  3. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. NÓTA
    Seo thíos cnusach de sean-focail a thóg Peadar O Rosnaidhe isteach cugham. Fuair sé ona Aintín iad. Nóra Ní Riordáin ainm agus sloinne di. B'é Tadg O Boiléir, gaol leí, (Uncal leí) a dhein an cnúsach. File agus Maighistir Scoile do béadh Tadg (Féach filí an bhaile) Dhein sé trí coipeanna ach níl ach cheann amháin le fáil anois. Cailleadh Tadg sa bliain 1914 in-aois a cheithre bliana is ceithre fichid.

    1) Maigistir neamh-curamhach, séirbhiseach failligheach
    2) Fear ag a sé-déag - leanbh ag trí fichid
    3) Do thagfadh duine ó gábhatar ach níl an teacht o aithis
    4) Ní sperálann troscadh fada biadh
    5) Ar an éadach bréaghtha is mó cítear spota
    6) Is bricfeast d'amadán, crothadh lámh ó duine uasail (?)
    7) Ní iarrann cabhal deagh-dhéanta, clóca
    8) Ní fiadhaidhe gach aoine séideann an adharc
    9) Ní gach abhfuil caillte i gcontabhairt
    10) Ní méaduigheann béalach óir cáilidhe capaill

    11) Is fearr a ceanglóchaidh taointe duine macánta ná ceanglóchaidh téad cladhaire

    12) Ní féidir díoghbháil a déanamh don té a thoileann
    13) Taisbeánn brobh cá as a shéideann an ghaoth
    14) Sparán follamh, aghaidh caisirníneach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Peadar Ó Rosnaidhe
    Gender
    Male
    Informant
    Nóra Ní Riordáin
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Female