School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An Br. B. L. Mac Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 471

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 471

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 471
  3. XML “Bacach na Líonta”
  4. XML “Gearóid Ó Súilleabháin”
  5. XML “Tomás Ó Comaráid”
  6. XML “Tomás Ó Duineachdha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. B'é Seán O Síothcháin, buachaill scoile, ón Sean-Bhóthar, a thóg an cunntas thíos isteach. Fuair sé on'athair féin é.
    Fear an-bheag dob'ead é seo. B'é an leas ainm abhíodh air ná "Ringledoe". (?) Théigheadh sé thimcheall go dtí na feirmeoirí go léir agus bhailigheadh sé roinnt Prátaí agus turnaipí uatha. Thógadh sé isteach go dtí an baile annsan iad agus dhíoladh sé 'sna siopaí iad. Sgéálaidhe maith do bheadh é agus bhíodh fáilte roimhis istoidhche in aon tigh fheirmeara.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Rugadh é igCill Oigh láimh le Cathair Saidhbhín. Fear mór láidir do beadh é. Sgéalaidhe críochnuighthe do beadh é leis. Sgéalta fiannuidheachta abhíodh ar siubhal aige i gcomhnaidhe agus ba mhinic a bhíodh "An Giolla Deachair" da innsint aige. Amuigh fe'n aer a chodluigheadh sé igcomhnaidhe sa t-samhradh. Rinncetheoir breagh do beadh é leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Síothcháin
    Gender
    Male
    Address
    The Old Road, Co. Kerry