School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An Br. B. L. Mac Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 463

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 463

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 463
  3. XML “Seancheirdeanna”
  4. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. ÍLE
    Fadó nuair na bhíodh íle le fáil 'sna siopaí bhíodh ar na daoine a riar féin de a dhéanamh, seo mar a dheánaidís é. Tá iasc áirithe - an pológ dubh nó ainm eile air 'seadh an Crothóg, agus gheibidís íle uaidh sin. Ghearraidis suas é agus beirbhighidis é i bpota os cionn na teine agus gan ach beagáínín uisge istig sa phota. Nuair a bhíodh sé beirbhighthe dhéanaidís é sgagadh agus bhíodh íle breagh aca.
    Ní bhíodh lampaí aca ach comh beag agus gheibidís seana chana nó muga agus líónaidís le h-íle é. Shochruighidís píosa beag de bhuacais ann annsan agus lasaidís é.
    (Micheál Ó Breanáin a thóg isteach é seo)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Braonáin
    Gender
    Male
  2. COINNLEOIREACHT
    Nuair a mharbhuigidís caoirigh fadó chuirtí géir na gcaorach isteach i gcorcán agus cuirtí inaice na teine é. Faigtí múnla agus cuirtí buacais 'na sheasamh i lár an mhúnla agus caithtí an géír-leachta isteach sa mhúnla go dtí go mbíodh an múnla lán. Fágtaí ann annsan é go mbíódh an múnla lán. Fágtaí ann annsan é go mbíodh sé cruaidh. Nuair a bhíodh an géirleachta múnláilte igceart tógtaí an choínneal bhreágh as an múnla.
    Bhíodh coinnleoireacht ar siubhal ins gach tig beagnach ach uaireannta bhailigheadh mná óga na h-áite le céile ar feadh cúpla lá agus dhéanaidís an oiread coinneal is a bhiodh ag teastáil ar feadh bliana.
    Bhíódh fear annso i Sráid Árd agus dhéanadh sé go leor coinneal igcóir an bhaile. Mícheál O Séághdha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.