School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cill A' BearnanRoilig 'seadh í seo inaice le Cathair Saidhbhín ach glaoidtear Cill na bhFear n-Og anois air. Deirtear go bhfuil tobar ann a thugann faoiseamh don dall bocht ach tá sé clúduighthe ó radarc na ndaoine agus ní maith le h-aoine dul á chuardach mar tá sgéal ag baint leis an tobar sin, seo é é.Bhí dinnéar mór dá thabairt ag muinntir Uí Mathghamhna thall igCaisleán Cuinn. Irith an dinnéir deineadh trácht do miobhaltaí do thárlaidh ag an tobar i gCill 'A Bearnan. Thosnuig gach aoine ag gáirí agus ag déanamh magaidh den sgéal agus fé Donncadh O Mathghamna tosc gur chreid sé ins na miorbhaltaí san (Protastúnaig b'eadh iad go léir ach Donncadh O Mathghamna) Dubairt duine díobh go raibh capall dall aige agus go dtógfadh sé cun an tobair é agus go bhfaigfeadh an rud bocht radarc a shul thar n-ais. Cuir duine eile díobh geall leis ná déanfadh agus siud le mo dhuine fé dhein an chapaill.Ar shroisint an tobar dóibh nigh duine díobh súile an chaphaill leis an uisge on tobar, agus slán beo mar a innstear an sgéal leighiseadh an capall ach má deineadh tháinig mallacht Dé anuas ar an gcleasaidhe agus buaileadh dall é ar an bpoinnte.(continues on next page)