School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An Br. B. L. Mac Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 438

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 438

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 438
  3. XML “Seanliosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (A) Bhailig Mícheál O Murchadha, buachaill scoile, an t-eolas seo a leanas on a athair, Liam Ó Murchadha, atá 'na chomhnaidhe i Rinn Árd, láimh le Cathair Saidhbhín.

    Tá alán sean liosanna timcheall an cheanntair 'na bhfuilim im chomhnaidhe. Tá ceann aca i Rinn Árd ar fheirm Sheáin Uí Shúilleabhaín. Tá sé ráidhte gurbh iad na Fir Bolg a dhein iad go léir agus go bhfuil Pasáistí fé talamh ó gach ceann acu.
    Tá calúnach ingiorracht céad slat dom thig-se agus tá Pasáiste fén talamh ag dul ón áit sin go dtí an lios atá ar fheirm Seáin Ui Shúilleabháin. Deirtear gurb é an fáth gur deineadh san fén talamh ná cun na daoine do dhul isteach innti nuair a bhíodh an namhaid ag teacht. Do bhí fear ó Baile Átha Cliath ag féachaint ar an gCallúnach trí mí oshoin agus (?) sé na doirse atá ag dul go dtí na Pasáistí agus do thóg sé cóip de síos i leabhar.
    Cuma cruinn atá ar na liosanna go léir nach mór agus i lár an cuid is mó díobh tá Puill móra. Tá aiteann agus crainn ag fás go fluirseach timceall ortha anois.

    Tá ceann amuigh in Dairbre in Gleann Liaim agus do tharraing an feirmeoir gur leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Informant
    Liam Ó Murchadha
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Reenard, Co. Kerry