School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 418
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Pósaithe (continued)
“San allóid sé an Inid an t-am is mó a phósadh na daoine.”
(continued from previous page)méid airgid a bhíodh ag an gcailín le tabhairt don ógánach.
Bhídís go h-ana curamach an uair sin cad é an lá a phósadh mar deirtear go bhfuil De Luain agus Dé h-Aoine agus Mí Bealtaine mí ráthmhar cun pósadh. Bíodh ball eadaig nua agus ball sean-eadaig ar an gcailín agus casóg coirp agus hata árd cruaidh i gcóir na h-ócáide ar an bhfear.
Níos deidheannaighe nuair a tosnuigheadh ar na pósaidhthe bheith ins an t-séipeal do théighdís go léir go tig an cailín maidin lae an phósadh. Do tógadh gach seana bhean seacht punt ime cuig na brideóige. Bíodh bricfeasta an - mhór ann. Timcheall a dó déag nó mar sin bíodh sluagh mór cárr agus capaill bailighthe timcheall an tighe. Cómhartha neamh-spleacais, uaisleachta agus saidhbhris 'seadh taisbeantas mór carr. Bíodh gaolta an fhir is na brideóige ar capall agus nuair a tosnuigheadh an mór siubhal cun an t-seipéil b'amlaidh go n-imthigeadh na marcaigh rompa amach ag rás a céile. B'í an t-ainm a bhí ages na daoine ar an mór siubhal san ná "An Tarrach"- Breis is trí fichead bhlíain ó shoin deineadh cleamhnas do bheirt annso í gCathair-Saidhbhín. Socruigheadh gach rud a bhain leis an spré, agus dár n-dhóig socruigheadh ar an dáta í gcóir na ocáide(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Oghermong, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Oghermong, Co. Kerry