School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na threo. Nuair a chonnaic sé chuige í cheap sé go raibh bás obann indán do, mar ní raibh an scian ná an maide droighin ná chú fhíor dhubh aige. Sar a thosnuigh an troid eatortha, do thosnuigh sé ag amhránuidheacht. Do dhein sé amhrán dí. Seo an t-amhrán.
(I)Sí Bean Dhubh an Ghleanna,
An Bhean Dhubh is fearra,
Sí Bean Dhubh do dheise gáire
Da bhfaighfhinn-se feín mo rogha
Do mhnáibh deas' an Dhomhain
B'í Bean Dubh an Ghleann 'do bfhearr liom.
(II)Nuair a gheobhann sí uaim amach
Cailligheann an ghrian a teas
Fuilligheann an geallach le grádh leí
Dá bhfaigfinn-se feín mo rogha
Do mhnáibh deas' an Dhomhain
B'í Bean Dhubh an Gleann 'do b'fhearr liom.
Le linn an amhráin abheith ar siubhal aige bhí sé ag druidim cuig sruitheáin abhí ag snigeadh trid an nGleann. An fhaid is abhí sé ag amhrán níor thug an spirid fé ndeara cad abhí dá dheanamh aige, ach ní tuísge a stad sé ná chonnaic sí go raibh sé ag ealódh uaithí, mar ní féidir le sprid dul thar uisge. Díreach nuair abhí an capall ag léimint thar an sruitheán tharraing sí buille air agus is amhlaidh a dhein sí dhá leith den chapall. Thuit an fear óg ar an dtaobh eile den sruithean. Thug sé buidheachas do Dhia go dtáinig sé slán as agus geallaim-se dhuit ná raibh sé amuich ar an mbóthar céadna aíríst comh dhéanach san.CRÍOCH- Collector
- Pádraig Ó Cathasaigh
- Gender
- Male
- Address
- Reenard, Co. Kerry