School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 131
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”
  4. XML “Na Prátaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tar éis an lae a caitheamh ag padaróireacht, agus na turasanna a thabhairt bhí a radharc slán aige, agus nuair d'féac sé suas connaic sé solas deóranta ó's a chionn. Gan dobht dob iongantac an fear é. Dob é an céad duine gur leigheas an tobar é, deirtear é ámhthach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Feirmeóir iseadh mo Dhaidí. Cuirfhimíd gort mór de phrátaí gach bhlíain. Bhí an fáth go gcuirfhimíd íad mar táíd ana sláinteamhail dos na h-ainmidhthe, fiú amháin na ba agus na gamhna. Bíádh folláin íad dos na daoine féin. Is i garraí na h-eórna atá an gáirdín againn an bhlíadhain seo. Páirc breágh iseadh í in aice na locha, Loch na gCeall. Uaireannta cuirfimíd talamh nua agus anois is arí aíth rómhar. Obair cruaidh iseadh é agus is friste an talamh nua do cur. Beadh prátaí níos feárr ins an ait rómhar. Bíonn coirce ann an blían roimh ré agus annsan leathan síad t-aoileac ar na h-iomraí. Cuireann síad an t-aoileach anuas ar na scaolán. Is íad na mná a geárann na scioláin. Caitheann síad súil amháin a beith ins gach ceann aca. An rud a fhághtar na ndhiaidh tugtar sceamhtheáin nó scilleóg air. Cuireann síad an cré anuas ar na scioláin airís. Taosgann síad na prátaí san tSamhradh agus baintear íad san bhFóghmhar.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.