School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 124

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 124

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 124
  3. XML “Bóithre an Cheantair”
  4. XML “Bóithre an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is mó saghas casán atá tímcheall na h-áite seo. Tá ceann ag dul ó's na Ródaibh treasna an cnoic go tigh Seán Ó Góilín i gCill-Urla. Nuair a shroiseann na daoine an mullach caitheann síad cloc ar clocán mór atá ann is deireann síad paidir mar is amhlaidh atá garsún óg curtha ann. Ón bFaill Mhór dob'eadh é is cuaidh sé ag glaodac ar a athair a bhí ag obair in aice an cnuic. Lá ceoidh dob'eadh é is cuaidh sé ar stráe is tháinig sé go dtí an áit seo is do shuidh sé síos ann. Núair a tháinig an oidhche bhí a athair is a mháthair ag cúardac na h-áite acht cúpla lá na dhiaidh sin fuair duine des na cómharsain é is bhí sé fuar marbh is ríamh ó shoin deireann síad paidir ar a shon. Fadó bhí bóthar maith ág dul ann acht tá sé aosta anois is tá féar ag fás air. Anois téigheann daoine an slíghe sin go Aifreann.
    Tá casán eile ag dul tré Sagart is tré Eisc is tagann sé amach ós cionn Glaise Cúmhra. Fadó bíodh na daoine go léir ós na Ródaib ag dul ann mar tá an tobar sin beannuighthe. Teígidhís síád an slíghe sin núair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.