Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Kells, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 050

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 050

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 050
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    árdóchadh sin."
    "Ar mhaith leat a dhuine" arsan siopadóir; lá ar na bháireach do thug fear an t-siopa Tomás go dtí an luing.
    "Cá bhfuil an iarain úd" ar's siopadóir.
    "O fan go fóil" ar's fear na luinge.
    Do chaith sé óile air i dtreóis ná faghadh sé greim air. Do chaith Tomás é troighthe úaidh.
    "Seadh A Dhuine Úasail bhfuil fear láidir sa tír seo" arsa Tomás.
    Fuaireadar púnt. agus d'óladar le céile é go meidhreach.
    Sin mo scéal mar gheall ar mo chol ceathar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fadó na ndeór bhí fear na chómhnaidhe ins na Cealla darb ainm Seán Webb. Gréasaidhe ab eadh é agus bhí botháinín beag cluthmhar aige suidhte go deas cúpla slat ó Loch na gCeall. I dtalamh mo shean athar a bhí sé agus tá na fallaí ann fós.
    Bhí móinfheár ana mhór inaice an bhotháin agus ba le mhuinntir mo shean-athar é. Garraidhe na Locha an ainm a bhí ar an bpáirc agus talamh garbh ríastach a bhí inni. Seadh lá breágh gréine san bhFóghmhar, nuair a bhí an féar aibidh agus bhíodair cun é a bhainnt. Bhí meitheal díobh ann suas le seisear mar bhí úatha an pháirc mhór a bhaint in aon lá amháin. Ní rabhadar ach tosnuighthe nuair sheól Webb amach as a bhothán agus ar sé
    "Aru cad é an gádh atá le garsa díbh cun é a bhaint."
    Dubhairt an feirmeóir go rabhadar cun an pháirc a bhaint i lá amháin. Arsa Webb airís
    "ná baineadh beirt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.