School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 009
- XML “Roads Treasure”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis agus bíodh sé sléibhte na Ródaibh go minic ag áodhaireacht caorach. Núair a bíodh sé ag cuir báistíghe, bhí carraig mór árd ann agus is amhlaidh a théigheadh sé fé'n gcarraig agus núair a thagadh sé amach arís beadh sé go breágh tirim. Lá amháin ámhthach nuair a bhí sé fé'n gcarraig cad a connaic sé acht luch agus é ag súgradh le rud beag buidhe. Taréis tamaill do rith an luch isteach i bpoll ach sar ibhfad do rith sé amach arís agus rud beag buidhe eile aige. Annsan d'feuch Seán agus thuig sé go raibh dá sobherign d'ór bhuidhe tagtha amac. Seadh do lean an luch ag rith isteach is amach agus ag tabhairt sobherign d'ór amach leis gach uair go dtí go raibh carnán mór d'ór tugtha amach aige. Do thuig Sean fé'n am san go raibh ciste óir i bfolach fé'n gcarraig san agus dar ndóigh bhí fonn air, an áit sin do réabhad. An lá ar na bhaireach do raob sé an áit sin go dithneasach agus go dúthrachtach agus do lean sé de bheith ag rómhar agus ag ráobadh acht níorb aon mhaitheas do mar mo mhairg n'fheaca sé tásc ná túirisc ar an t-ór ná an luich. Ó shoin i leith tugadh "Carraig an Airgid" ar an áit sin. Inaice na carraige sin tá "Carraig na bhFiolar". Is amhlaidh a bhí fiolar fé'n gcarraig agus bhí na daoine cráidhte leis mar d'íosadh sé na h-uain óga agus deirtear gur sciob sé leanbh. De muinntear "Webb" a bhí na gcómhnaídhe ins na Ródaibh na céadta bliain ó shoin. Lá amháin do thug sé bíadh isteach do'n a chlann óg agus(continues on next page)
- Collector
- Úna Ní Laoingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Diamuid Ó Laoinghsigh
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Kells, Co. Kerry