Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Kells, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Roads Treasure”
  4. XML “Roads Treasure”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seachas atá in aon áit eile. Acht go deimhin ní'l cúntas cruinn ag aenne ar sin agus bfhéidir ná fuil puinn fírinne innti agus is mó úair a bhím féin ag smaoineamh cun dul é chúardach. N'fheadar ar dhein aenne íarracht cun é réabadh as an dtalamh acht bhí beirt fhear cun é scriosadh acht ní dheineadar faic. Ní'l fhios agam an méid airgid atá ann agus is dócha go bhfuil smuilc bhreágh dhe ann acht is soilear go bhfuil rían éigin de ann ach ní'l innti seo acht scéal. Bím-se ag gríosoadh mo úncail dul fé na dhéin agus bíonn eagla agus sgannradh air dul ag triall air. Ní féidir liom d'áireamh ná d'áiteamh na blíadhna ná a méid ón úair do bhí sé curtha ann acht is fada síar é. Sin é mo sceilín i dtaobh an chiste agus an méid atá fachta agam mar gheall air. Is friste le na h-enne phlasp dá dteangain a bhúaileadh leis an gcorraball.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fadó, bhí fear bocht 'na chómhnaídhe 'sna Ródhaibh dárb ainm Seán Ruadh. Fear breágh gaodlach dob'eadh é agus ní raibh ach bhotháinin bheag ar bhun an chnuic aige agus féar dhá bhó aige. Bhí caoire aige
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.