School: Waterville (C.) (roll number 16015)

Location:
Waterville, Co. Kerry
Teacher:
Helen O' Sullivan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 183

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 183

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Waterville (C.)
  2. XML Page 183
  3. XML “Pádraig Naofa agus an Scadán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pádraig Naomhtha agus an Scadán
    Nuair a bhí Pádraig ag taisteal Éireann fuair sé chuireadh tráth amháin ag dul go tigh Páganaigh.
    Chuaidh sé agus fuair sé go raibh fleadh mhaith ullamh roimhe.
    Ach fealltóir a bhí insan Pháganach agus bhí nimh curtha aige thríd an mbiadh le súil Pádraig a mharbhadh. Bhí cailín aimsire ag an Pháganach agus is Críostaidhe a bhí innti agus ba mhór an meas a bhí aici ar Phádraig. Ba h-é an chéad rud a leagadh síos ag Pádraig scadán maith reamhar, agus nuair a bhí an cailín aimsire d’a fhagháil síos aige dubhairt sí: “Maise, mo sheacht grádh an scadán nár gabhadh ariamh le na ghoile.”
    Thug Pádraig chuige an focal a thuit ó’n chailín, agus d’éirigh sé agus gan caitheamh bídh nó díghe dhó, theit sé ó’n tigh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Patrick (~489)
    Language
    Irish