School: Waterville (C.) (roll number 16015)

Location:
Waterville, Co. Kerry
Teacher:
Helen O' Sullivan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 171

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 171

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Waterville (C.)
  2. XML Page 171
  3. XML “Oráid an Mhangaire ar Aonach Bhaile na Móna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oráid an Mhangaire ar aonach Bhaile na Móna.
    Ho! Stad annsan a láirín. Baile ó Dhia oraibh a cháirde. Táim ag teacht in bhur measg i mbliadhna arís. Níl sibh tuirseach díom fós is dócha. Nílim-se turiseach díbhse go h-áirithe agus mar leis sin de ní dóigh liomgo mbéinn turiseach díbh go bráth, mar is breágh liom mar ceannuighthear uaim annso i gcomhnuidhe.
    Anois, A Shighle, éirigh id’ seasamh is tuirling. An id’ chodladh ataoi, nó an amhla mheasann tú sinn do choimeád annso ar feadh an lae ag feitheamh ort? Brostuigh ort in ainm na fláige; féach an capall nach mór sgurtha agam agus tusa ar do chorra-ghiob annsan istigh fós. Seadh, seadh; go réidh anois na bris do luirgní do bharr dheithnis nó rud ba mheasa ‘ná soin dúinn go léir, ná bris na trusgáin ar na daoinibh seo go mbéid’ siad ag teastáil uatha. Ná sleamhnuigh anois. Sin é é. Mhuise, mo ghraidhn chroidhe thú, is breágh thugais é sin. Bhís uair agus ba bheag ort ceann do b’aoirde ‘ná é sin do thabhairt. An cuimhin leat an lá thugsais Cumar an Phúca d’éin-léim amháin? – Níor chaillis an sean-lúth fós go h-áiarithe. Geoch amach a láirín. Hó! Stad annsan anois. Ní mór dhom rud éigint do thabhairt duit le n-ithe ní baoighal go n-eiteóghair é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    2. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish