School: Waterville (C.) (roll number 16015)

Location:
Waterville, Co. Kerry
Teacher:
Helen O' Sullivan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 169

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 169

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Waterville (C.)
  2. XML Page 169
  3. XML “Dán - Lá ar an Sceilg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dán: Lá ar a Sgeilg.
    Lá breágh gríanmhar amuigh sa Phriaracht
    Do gluais ó’n gCaladh im’ fhochair féin,
    Ollamhain is Cliar go raibh feidhm na dteagasc
    Is mór-chuid Eireann de mhacaibh léighinn.
    Le linn na mbád do bheith ag seóladh do h-árduigheadh mór-liúgh agus céad “Hussey”
    Is do thógfadh sé ‘n croidhe a bheadh críon le mairg
    A bheith ins an mbárc úd i dtúis an lae.
    Síar do ghabhamair le fuaim is acfuinn
    Thar ‘Léan na gCapall na nGroidhe-fhear séimh
    Thar ailltibh na Cille agus Bólus borb
    Fé dhéin na gCarraig ag bun na speir
    Bhí an ghrían go soillseach ó Neamh ag taitneamh
    Bhí greann is aiteas ar dheis is ar chlé
    Is bha bhinn é bheidhlín an duibhnigh mheanmnaigh
    Is a cheól dá mheasgadh le ceól na n-éan
    Ní raibh néal sa spéir ach bhí leóithne ó’n dtalamh
    Is do cheapas nách raibh ins an Domhan go léir
    Aon radharc níos aoibhne ná an Gleann fé thaithneamh
    Is bágh Fhionnáin Naomhtha na nGlórtha séimh
    An Chanóg mar bheadh seód ghlas ‘na meall breágh mhaiseach
    Is Ceann Bhrí mar thaca ar bhealach na n-Éagh
    Bhí na sguainte gainéadaí chómh geal le sneachta
    Ag triall ó’n gCarraig d’ár bfáiltiúghadh féin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish