School: Waterville (C.) (roll number 16015)

Location:
Waterville, Co. Kerry
Teacher:
Helen O' Sullivan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Waterville (C.)
  2. XML Page 148
  3. XML “An Sprid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Sprid.
    Bhí Séamuisín Thaidhg thiar tigh Sheáin mhóir fé dhéin bainne oidhche de’n t-seachtmhain seo caiththe againn agus chaith sé teacht abhaile gan é mar ní raibh aoinne istigh roimhe agus annsan chuaidh sé siar airís timcheall a h-ocht a chlog chum go bhfaigheadh sé an bainne i gcóir na maidne.
    Nuair a chonnaic mé féin agus Seán ag dul siar é dubhramar go gcuirfimís eagal air ar a chasadh dhó. Fuaireamar eudaighe bána agus chuireamar orainn iad agus chuadhamar siar gairid do’n reilig agus bhíomar ag fuireach go dtiochfaidh sé.
    Ba ghairid gur airighmear ag teacht é. Chuadhamar amach ar lár an bhóthair roimhe acht nuair d’fheuch mé féin gairid dom chonnaich mé an fear ‘na sheasamh ann agus é ag feuchaint go géar orm.
    Liuigh mé in áirde mo chinn agus rithe mé agus rithe Seán im dhiaidh.
    Níor chuadhamar ag chur eagla ar aoinne ó shoin agus is mise go craidhte an oidhche sin. Ní raibh á leithéid de sgannradh riamh orm. Shíl mé go mbeadh an fear a chonnaic mé ar an mbóthar ag teacht ar mo thóir. Thuit mo chodhladh orm sa deireach acht ba ghairid gur léim mé in áirde sa leabain agus thosnuigh mé ag liúirigh. Deirim leat gur múineadh ceacht dam ná dearmhadfaidh mé.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish