School: Cathair Samháin

Location:
Cathair Samháin, Co. Kerry
Teacher:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 388

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 388

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Samháin
  2. XML Page 388
  3. XML “Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn oidhche mór grinn ag na Gaedhil oidhche Shamhna. Bíonn suipéar mór ins gach tigh an oidhche sin. Deintear báirín breach i gcóir an t-suipéir agus cuirtear a lán rudaí isteach ann mar atá fáinne, lasán, méarachán, raol nó leath-raol. Bíonn gach aoinne ar chipíníb feachaint cadh a gheobhadh sé nó sí agus is mó fonn cúardach ná fonn ithte a bhíonn ortha go mór mór na daoíne óga.
    A duine a gheibheann an fáinne, is é sin an duine is lúaithe a phósfar. An té a gheibheann an lasán is é sin is lúaithe a chaillfear. Má’s cailín a gheibheann an méaracán is táiliúir a phósfaidh sí. An duine a gheibheann an t-airgead, beidh sé nó sí saidhbhir go deó.
    Taréis an tsuipéir cuirtear tubhán lán d’uisge i lár an úrláir sa chistin, agus cuirtear mórán ubhall isteach ann, agus bíonn gach aoinne ag íarraidh na h-ubhall a thógaint amach as an dtubán le na bhéal gan lámh do chuir ar an dtubán. Uaireanta eile cuirtear dhá phíosaí adhmaid i bhfuirm croise thar a chéile agus cuirtear ubhall agus coinneal ar lasadh ar gach píosa de’n crois, annsan cuirtear an cros ar crochadh ar chrúcha sa chistin agus deintear é casadh go mear agus bíonn a lán spórt ag na daoíne óga.
    Le línn an spórt sin a bheith ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Ní Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    Ochtaibh, Co. Kerry
    Informant
    Gobnait Uí Chonaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Ochtaibh, Co. Kerry