School: Cathair Samháin

Location:
Cahersavane, Co. Kerry
Teacher:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha

Filter stories

Back
/ 392 Forward
Resolution: Low | High
Filí

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 377

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Filí

Bhí mórán filí timcheall na h-áite seo fadó. Do cheapadar a lán filidheachta agus amhráin deasa. Do bhí file ann darb’ ainm Seán h-Arris as Cathair Dómhnaill. Muinnteóir dob’ eadh é agus ní scoil náisiúnta a bhí aige, ach scoil cois claidhe.
Dé Domhnaig a bhí ann agus bhí sé ag dul ag aedheareacht na mbó. Do bhí fear ‘na luighe in aice na carraighe i na mbíodh sé ag múineadh. D’aithn an file é agus cheap sé go raibh an fear sin in Ameirioca. Chun sgannradh a chuir ar an bfile do luig sé in aice na carraighe. Annsan do scríobh an file an píosa filidheachta seo.
1.
Lá breágh gréine is mé ag aedreacht i gcúm chnuic
‘Seadh do casadh orm an samhail agus é na chodhladh cois carraige.
Taréis an fharraige do tracht i gcéin
Tháinig uaigneas orm agus eclipse ar mo shúile.
Núair a chonnac-sa an samhail agus é caithte cois carraige.
Ag íarraid aithreachais ar mháighistir léighinn.
11.
Do dhruid sé amach úaidh is do cheistigh sé é.
“An tú an spéir-bhean a bhíonn go h-uaigneach i gcúm chnuic.

(continues on next page)
Collector
Nóra Ní Chonaill
Gender
female
Address
Dromkeare, Co. Kerry
Informant
Muiris Ó Conaill
Relation
parent
Gender
male
Address
Dromkeare, Co. Kerry
Language
Irish