School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Samháin
- XML Page 343
- XML “Inse na Scairte”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Inis na Scairte:-Ar bhruach dheis de abha na h-Íne atá Inse na Scaurte. Níl mórán daoíne ‘na gcómhnaidhe ann ach áit uaigneach í a thaithigheann púcaí agus spioraidí neamh-shaoghalta go h-áirighthe Oidche Bhealtaine ar shlígh gur áit í ná taithightear go minic de ló nó d’oidhche. Tá dán ag baint leis. Máistir sgoile de mhuínntir Mhathghamhna a d’fhuadaig bean leis ó Ceann Buireann (le h-ais Cathair Saidhbhín). Sgéig duine de mhuinntir Shiothcháin ó’n gCnoc Ruadh air agus baineadh de í ag Inse na Scairte. Tré mhéid a fheirge agus a díomhbáidh do chum sé an t-amhrán seo leanas.Inse na Scairte1.
Shiúbhluigheas go leor cia gur bog a bhíos tamall roimh aoís
Ó Chonndae Mhuigheó, Tír Mhóir agus treasna go Druing
Cois Eadain, chois Doinne, ó’n Ród Thoir, cois Leasa cois Laoi.
Níor casadh bhúr sórt orm in aon treo a ghasra an ghrinn
11.
‘S a ghasra an ghrinn mar ba dhígheann dam
Gabháil sealad bhúr gcuaird.
Rachmas a Íosa go dtigeadh bhúr mbailí cois cuain(continues on next page)