School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Samháin
- XML Page 340
- XML “Tobar Uilliam Scot”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tobar Uilliam Scot Ag gabhailt anoir ó Bealach Oisín chídhfea sreanglocháin – baile beag ar leath taoibh an chnuic. Sa chnoc so tá tobar ar a dtugtar Tobar Uilliam Scot. ‘Sé an sgéal a bhaineann leis ná go raibh ina gcómhnaidhe tráth i mBarra na h-Íne, Uilliam Scot agus a inghean. Daoíne saidhbhir a bhí ionnta mar do bhfollus do cách. Bhíodar go sona sásta gur chualadar go raibh gaduidhthe ag teacht chun gach a raibh aca a thógaint agus gan amhras bhí baoghal ann dá n-anam leis agus theiceadar go tobar mar chaitheadar an oidhche le n-ais ach sar ar imthigheadar d’fhágadar an cómhairle leanas sgríobhtha ‘na ndiaidh mar atá:- Comhairle Uilliam Scot
1.
Teagasg uaim díbh gan chealg óm chroidhe
A ghasra an ghnímh eachtaidh
Sgaraid d’bhúr locht tá feasta d’bhúr lot
Is maithfidh do’n toil daona.
Tuigid bhúr gcás i gcreathaibh gach lá
Tá an iomad d’bhúr namhaid déanta
Is gan agaibh-sé fábhair i gcreideamh na nGall
Ós dearbh gur fann Séamus(continues on next page)- Informant
- Muiris Ua Conaill
- Gender
- Male
- Address
- An Chillín Liath, Co. Kerry