School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Samháin
- XML Page 333
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Fear beag ar ardán; nú fear mór ar íslán. Bean gan aprún; nú bó gan earbull...”
Fear beag ar ardán ná fear mór ar íslán
Bean gan aprún ná bó gan earbull
Innis do Mháire i gcogar é, is neósaidh Máire don phobal é
Ní raibh a dhóithín clainne ag fear bocht riamh
Ag gol is ag gáire, mar bhíonn na páistí.
Tabhair rud don leanbh agus tiocfaidh sé airís
Ní féidir ceann is críona a cur ar cholainn óig.
Is fearr smacht na biadh
Spéir gan réiltíní, teinteán gan leanbhaí
An rud a chíonn an leanbh ‘sé gníomh an leanbh
An rud is beag ag fear, is mór ag leanbh é
Nuair a bhíonn táilliúr na shuidhe againn, bíonn táilliúr na luighe againn
Má tá bean a tighe tinn, níor chaill sí a goille.
Neantóg do dhóig mé cupóg do leigheas mé.
Ní dóthaighe an bás ná é
Gol leinbh óig, nó óchón sean duine
An rud a bheathochadh dhuine, sé mharbhochadh duine eile.
Is fearr béasa ná bréaghacht
An té bhíonn bréoidhte ní bhíonns feoil air.
Is fearr lán do dhorn fhear, nó lán gad do mhnaoí.
Tagann an mhaith le mion-chaitheamh agus tagann gach maith le cáirde leis.
Is fearr leath rógaire ná duine macánta.
Is dana gach madra ‘na otrainn féin.
Is namhaid an cheird gan an fhoghluim
Is fear súil le glas ná súil le h-uaig
Is fuar an tigh ná gnáthuighid na fir(continues on next page)