School: Caisleach (roll number 16018)
- Location:
- An Chaisleach, Co. Kerry
- Teacher: Pádruig Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleach
- XML Page 326
- XML “Filíocht”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig ré aníos o Pheter Dún na mBogán
Sé gearradh an reed agus sínead é amach ar an mbán.9-12-1938
Síle Ní Shúilliobáin, Drom-na-Cille,
do scríobh ó Mícheál Ó Síodhcháin. - SgéalBhí bradán ann fadó is bhí an Grúagach leath caodhach rúadh a fhíadhach ar feadh seacht mblíadhan ar. B’é an buádh a bhí ag an mbradán seo ná aon bean a íosfhad é bhead family aici in aimsir bheag. Bhí fear gur b’ainm Díarmuid Mac Murchada is bhí bean aige is ní raibh aon family aici. Chúalaidh sé mar gheall ar an mbradán agus chúaid sé ag iasgach is ní ró gheárr chun gur thug sé leis é. Dúbhairt sé leis an cailín aimsire an bradán a rósta agus gan ball de a loscadh. D’eirig clog air an mbradán núair a bhí sé a rósta. Cuir sí a méar ann agus cuir sí ‘na béal é agus níor bhfada go raibh mac óg aici. Ní raibh breis don oidhche imthighthe nó go raibh mac óg eile ag bean a tíghe. Tháinig Díarmuid Mac Murhadha agus d’iarr de’n cailín a raibh aon call cun an bradán aici. Dúbhairt sí go raibh. “Tá go maith” arsa Díarmuid. Thóg sé an beirt leanbh agus baist sé Aodh Mac an Bhradáin ar mac an cailín agus Donnchadh Mac an Bhradáin ar an nduine eile. Chuir sé ar scoil íad go rabhadar blíain is fiche. Ghlaoid sé súas ar an mbeirt agus d’innis sé dóibh connus thángadar ar baile. Dúbhairt sé le mac an chailín Aodh Mac an Bhradáin ná raibh aon ‘claim’ aige chun an áit(continues on next page)
- Collector
- Síle Ní Shúilliobháin
- Gender
- Female
- Address
- Drom na Coille, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Conchúbhair
- Gender
- Male