School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 320

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 320

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 320
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí buachaill ann fadó agus gach lá a theigheadh sé go dtí an cathair d’olfadh sé bráon agus bhíodh sé ar meisce agus suidhead sé cois claidhe. Bhí sé an oidhce seo go h-áirighthe agus cá suidhfheadh sé ach cois leasa. Lár na h-oidhche seadh mhúscail sé agus chualadh sé an cainnt go léir istigh sa Lios agus cé tháinig amach chuige ach capall agus marcach, capall agus marcach, agus capall eile agus marcach. Seadh taobhuig duine aca leis. Dubhairt sé leis bheith na shuidhe mar go gcaithfhead sé dul leó. “Níl aon capall agamsa” ar sé. “Tá bata annsa agamsa” arsa’n fear eile agus cuir do dhá chois ar leathadh ar agus geallaimse dhuit go mbeadh striopaire de chapall bán agat. “Beir do ghreim anois” ar seisean leis núair do chuaid sé ag marcaidheacht ar an gcapall mbán. Annsan dubhairt an capall leis greim maith do bhreith air anois agus do rug sé greim maith ar a mhuing agus do léim an capall anairde sa spéir agus a ceithre cosa ar aghaid na gealaighe agus cad a bhí fútha ach cruidthte óir. Do ghlúaiseadar annsan agus cá thugadar a n-aghaidh ach síos go íochtar na h-Éireann agus eisean inaonacht leó. Seadh do thaobhuig duine aca leis agus d’fíafruig sé air cá rabhadar ag dul agus dúbhradar go rabhadar chun cailín a fhuadach agus na feudfhaidís é dhéanamh gan duine beo inaonacht leó agus gurbh í an cailín ba breaghtha in Éirinn í. Bhíodar ag cur díobh ríamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Síle Ní Shúilliobháin
    Gender
    Male
    Address
    Drom na Coille, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ó Concúbhair
    Gender
    Male