School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 314

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 314

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 314
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tháinig sé go dtí an áit a mhairbh an fear eile é. Do bhí ana fhearg air annsan. Nuair a bhuail sé leis an fear eile dfhiarr sé air cad na thaobh nár fhan sé leis. Do leig sé air nár ghuidh sé an tarbh in aon cur agus dubhairt sé “Nuair a bhíonn tuile sa Leamhain is sleamhain a bhíonn leacacha.” Do fhreagair an eile go tapaidh é. “An áit a leagtar an crann is ann a bhíonn na slisneacha.”
    Caitlín Ní Choncúbhair do scriobh 29,7,1938
    Ó Seán Ó Choncúbhair 19-2-1938
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgeal
    Bhí fear ann fadó agus ní raibh aige ach mach amháin. Lá amháin dúbhairt sé leis an mach gur mithid do pósadh. Do phós sé taréis tamall agus ní raibh sé ach tamhall phósta nuair a bhí sé ag eirige ana thanaighe agus ní raibh fhios ag aoinne cad é an fáth a bhí leis. Bhí táilúir ar an mbaile in aice leó agus do bhuail sé leis an fear óg agus dúbhairt sé leis go raibh sé ag eirige ana thanaighe agus cad é an fáth a bhí leis. “Seo é an fáth” arsan fear óg “Ní bhíonn dá prátaí ithte agam i gcoir mo suipéara nuair a deireann m’athair “Seo síos cun na muice leis na prátaí seo agus bíonn carn prátaí bailighthe timceall air aige agus nuair a bhímse im codhladh itheann sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1363: Tale of the Cradle
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Concúbhair
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Concúbhair
    Gender
    Male