School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 291

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 291

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 291
  3. XML “Píosa Filíochta”
  4. XML “Píosa Filíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Mar is gearr go mbeidh sí saor
    Beidh tínte cnámh ar lasadh i ‘gainn
    Beidh ceól is rínnce fada ‘gainn
    Agus cuing na daoirse scareadh linn
    Go lá deireadh an t-saoghail.
    22-11-1936. Siobhán Ní Dála
    Ó Miceal Ó Mórán
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Piosa Filiochta
    1.
    Móra duit a spéir bhean
    Is moch ataoi it aonar
    Ag seoladh do thréuda ar taobh leacan an cheóig
    Do shiubhlaigheas Éire go mion lena chéile.
    As do shamhail do réulthean ní fheaca riamh fós
    2.
    Is maith a cuir Éire chuige le na chéile
    Mar a bhfeacaís Bé ann is deide gnaois is cnó
    Ná mise nach reulcan ach toice gan éifeacht
    Cé bladar na breuga ní ghlacfainn ód shórt
    3.
    Ní toice tú a bán chnéis
    Ach ainnir mhín mánla
    Is deas é do gaire as do gruaig mar an rós
    Do suil mar an áirne as do ghruaigh
    na chrothannaibh
    Ag tuitim na cárnaibh go talamh id dheóig.
    4.
    Éist feasta dod ráidhte do moladh ní hath liom
    Ní creidim a lán dheis ní thuigim gur cóir
    Níl aon bhean comh bréag san acht Bhénus nó Pollas
    Is ar talamh níor táinig an samhail sin fós.
    Dar go deimhin duit a spéirbhean ní bladar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Bheathnach
    Gender
    Female
    Informant
    Muiris Ó Connaill
    Gender
    Male