School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 287

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 287

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 287
  3. XML “Scéal - Diarmuid Ó Copuaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal (Diarmuid Ó Copuaidh)
    Bhí fear ann fadó darb ainm Diarmuid Ó Copuaidh ag múineadh i nGleann Cárthaig fadó. Bhí daoine muinteardha leis i gCeannúig. Bha mhinic a fhágadh sé Gleann Cárthaig ar a dá uair deug san oidhche agus thagadh sé go Ceannúig agus gan aoinne in aoinfeacht leis. An oidhche ceudhna théigheadh go Gleann Cárthaig taréis dá uair a chluig nó níos mó do chaitheamh i gCeannúig. Bhí duine i Ínsebháite a chreid go mór i bpúcaibh agus nuair a thagadh an fear seo go Ceannúig téigheadh sé suas agus bhíodh sé ag ínnsint scéalta mar gheall ortha. Níor chreid an fear ó Gleann Cárthaig in aonchor é. Déarfhadh sé ná feicfeadh sé fén aon nídh an fhaid a bhíodh sé ag teacht ó Gleann Cárthaig go Ceannúig. Oidhche amhain bhí an beirt aca i gCeannúig agus bhíodar ag cainnt agus ag áiteamh mar gheall ar púcaíbh. Bhí sluagh mór ann ag imirt cártaí. Bhí sé tímcheall a h-aon a chlog san oidhche agus dubhairt an fear ó Innse bháite le Diarmuid Ó Copuaidh dá shiúbhalfadh sé ó crois an Caoil go Droichead na Clianach-léithe go bhfeiceadh sé an bóthar lán. Dhein Diarmuid é sin. Bhí sé ana-dhéanach a nuair a tháinig sé isteach agus bhíodh an fear éile a radh gurab amhlaidh a thóg na púcaí leó é. Nuair a tháinig sé isteach ba dhóbair do an fear ó Insebháite a mharbhúghadh agus dubhairt sé ná feacaidh sé féin aon nídh agus na raibh aon púcaí ann. As san amach níor chuaidh an fear ó Innsebháite go Ceannúig.
    Máirín Ní Dála do scríobh 19-11-1936
    Ó M Ó Mórán.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Ní Dhála
    Gender
    Female
    Informant
    M. Ó Móráin
    Gender
    Male