School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 285

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 285

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 285
  3. XML “Scéal - Púca Mór agus Púca Beag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgeal (Púca Mór agus Púca beag)
    Bhí fear saidhbhir ann uair agus bhí beirt ban aige. Bhí duine aca ana mór agus bhí mach mór aici agus bhí an bean eile beag agus bhí mac beag aici. Thug an t-athair púca mór agus púca beag mar leas ainm ortha. I gcíonn bhí an t-athair ag fághail bháis agus dúbhairt sé leis an mnaoi mhóir dhá leath a déanmh den talamh idir í féin agus an bhean bheag. Dubhairt sise go ndeanfhadh sí mar sin acht nuair do cuireadh an fear do tiomáin púca mór agus a máthair púca beag agus a máthair as an dtig agus níor thugadar acht aon bhó amháin agus aon pháirc amháin dóibh. Bhí púca beag ana mhí shásta leis sin agus do thiomáinfheadh sé a bhó féin isteach i bpáirc púca mhóir agus cuir san fearg air agus dein sé poll mór ar an dtaobh amuigh de geata na páirce agus chlúdaigh sé an poll le cré agus craínn agus nuair a bhí an bó ag dul isteach sa pháirc thuit sí isteach ann. Nuair do connaic púca beag é sin tóg sé amach í agus bain sé an craiceann dí agus chuir sé mórán poill ann agus cuir sé real isteach ins gach poll agus chuaidh sé go dtí an cathair ba ghiorra do agus dubhairt sé leis na daoine go dtuitfheadh real as gach uair a chrochfa é. Fuair sé mórán airgid annsan air agus ceannaig sé morán ba agus nuair a chonaic Púca mór na ba go léir d’iarr sé air ca bhfuair sé iad agus dubhairt sé go bhfuair sé mórán airgid ar an gcroiceann agus gur cheannaig sé na ba annsan. Níor dhein Púca mór annsan acht na ba go léir a bhí aige féin do mharbhadh agus beir sé leis na gcroicinn go dtí an cathair agus ní bhfuair sé oiread ortha agus cheannóchadh bó amháin. Bhí fearg air annsan agus mhairbh sé máthair Phúca bhig. Bhí fear ag teacht abhaile on aonach le chaoirig agus chuaidh Púca beag síos na connaibh acht ní fheaca an fear in-aonchor é agus cuir sé a mháthair na seasamh i gcoinnibh an chlaoídhe agus í marbh agus chuaidh sé féin ar an dtaobh istig de’n chlaoidhe i bhfolach. Bhí eagla ar na caoirig nuair a chonnacadar í agus dúbhairt an fear léi an bóthair d’fágaint agus nuair nár dhein sí do rith sé cuichí agus tharraing sé buile an bhata uirthi agus thuit sí marbh mar a cheap sé, annsan d’éirig Púca beag agus adubhairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Connchúbhair
    Gender
    Female
    Address
    Knockroe, Co. Kerry
    Informant
    Mícheál Ó Connchúbhair
    Gender
    Male
    Address
    Knockroe, Co. Kerry