School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 283

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 283

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 283
  3. XML “Filíocht - Tuirne Lín”
  4. XML “Muintir Chill Mhic Iarainn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ta gleasa’ leitreacha chúghainn ag tíocht,
    Má chliseann an casadh ‘s an túirne lín.
    Scríbhte le Seán Óg ODála
    Oilean-buidhe,
    Ó béal aithris Michíl Uí Mhoráin – An’ Caoile, 18-10-1936
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Muinntir Cíll Mic Iarrainn
    Bhí dream deagh mheabhrach i bpróiste na Dromada fadó i mbaile go glaodtar Cill Mhic Iarrainn air. Bhí triur ban aca ag teacht o Cathair Saidhbhín lá nuair a tangadar go crois Ucar Mong. Connaic duine aca píosa óir ar an mbóthar. D’íslig sí síos cun é thógaint suas. Tháinig bean eile taobh thiar di, caith sí thairis amach agus annsan d’ísligh sí féin cun é thógaint suas ach caith an triomhad bean amach arís i agus do thóg sí féin an t-ór. Thósnuig an triur aca ag troid mar gheall air an bpíosa óir acht fé dheire do socruigheadar an sceal d’fhágaint fé an céad fhear bhuailfeadh leó. Ní rabhadar imthíghthe i bhfad nuair a bhuail fear leó, d’innseadar an sceul do agus dubhairt sé leo, “An ceann is fearr aca a dhéanfadh an t-amadán is mo da fear nuair a raghadh sí abhaile, is i sin a geobfhad an t-ór. Nuair a tháing an chead bhean bhí a fear istig roimpí d’áiteamh sí air narbh é a fear a bhí ann in aon chor. D’imthigh fear agus d’innis dá chomarsánaibh é. Tháinig siad leis go dtí an tig agus dubhradar le na mhnaoí mas é Tadg atá ann aithneochaidh an gadhar é do griosaig sí an gadhar leis, High Portar beir air an stroinséar. Dubhairt an duine bocht narbh é an fear ceart é féin in aonchor. Thainig an tarna bhéan agus dubhairt sí le na fear go raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1406: The Merry Wives Wager
    Language
    Irish
    Collector
    Donnchadha Ó Connchúbhair
    Gender
    Male
    Address
    An Chillín Liath, Co. Kerry
    Informant
    Pádruig Ó Síodhcháin
    Gender
    Male
    Address
    Com Beatha, Co. Kerry