School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 274

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 274

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 274
  3. XML “Na Daoine Maithe”
  4. XML “Liam Scot”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fé dhéin an seana mná arís agus dubhairt sí leó go raibh sí ar lár i sleibte Barra an Choill. Chuadar á h-iarraid agus ceapadar go raibh sí báidhthe acht ní raibh. Thugadar abhaile í, agus sé an ainim atá glaoidte ar an sliabh san ó shoin ná Muing a’ Deirge.
    Máire Ní Dhálaigh 26-3-1935
    Ó Mícheal Ó Donghialle
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Liam Scot
    Bhí fear ann fadó dar b’ainm Liam Scot. Bhí sé na chomhnaidhe ar mhullach Cnoic Srónlocháin ar an áit go dtugtar Coll Fhaidhe air. Bhí cúigear mac agus aon inghean amháin aige. Cailín áluinn do bead í. Bhí sé mar dhlíghe ag na buachaillí bána i-n-aon áit go gcloisidís go raibh cailín ann raghaidís fé na dhéin chun í breith leó do lámh láidir. Aon oidhche amháin do ghluaiseadar ón dtaobh thiar d’Éirinn n-aonbhar nó deichniúr acu agus thánghadar go tig Liam Scot acht nuair a bhrath an cailín iad ag cuir an dorais díobh do rith sí sa tseómra i bhfolach ortha. Nuair a thánghadar isteach d’fháilthigh fear an tíghe rómpa. D’fhiafhruígheadar de cá raibh an inghean a bhí aige agus í tabhairt chúcha láithreach gur thánaghadar i bhfad ó baile fé na dhéin agus go gcaithfhidís í fhághail. Dubhairt Liam gur dócha go bhfaighidís nuair a bhí sé mar dhlíghe acu agus dubhairt sé leo arís go raibh sé mar bheas aige féin gan aoinne a leogaint amach gan greim bídh d’ithe agus go gcaithfaidís suídhe síos agus suipéar d’ithe. Bhí caoire marbh ag Liam agus chuir sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chonchúbhair
    Gender
    Female
    Informant
    Bean Connchúbhair Uí Connchúbhair
    Gender
    Female