School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 270

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 270

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 270
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal
    Bhí fear ann fadó agus bhí mac aige, nuair a bhí an mac na ógánach bhí duil san ól aige agus gach oidhche nuair a bhíodh obair an lae thart théidheadh sé go Tig Tábhairne a bhí in aice leis ag ól. Taréis tamaill mhaith dubhairt an t-athair le na mhac lá “Anois a mhic, níl a thuille airgid agam-sa agus is mithid duit cial a bheith agat agus gan bheith ag imtheacht gach aon oidhche mar sin; ní dearfhadsa a thuille ach beidh do thuarastal le fághail agat uaimse gach mí agus tá cead agat do rogha rud do dhéanamh leis nuair a gheóbhair é.” Ní dubhairt an mhac fócal agus lean an scéal fé mar a dubhairt an t-athair. Ach nuair a geóbhadh sé an t-airgead tabharfadh sé dos na cómharsain é go dtí go bhfásfadh gaimbín air agus nuair a dhíolfadh siad é airís is é an gaimbín a thabharfadh siad do na buidéal biteala agus annsan bhí a dhothain le n-ól aige, ach anois agus airís théidheadh sé go dtí an tig tabhairne. Oidhche amháin cuaidh sé ann agus d’fhan sé ag ól go uair mairbh na h-oidhche. Annsan thug sé a aghaidh ar an mbaile, oidhche spéir ghealaíghe a bhí ann, ar leath slighe do bhí sé ag dul thar loch. Bhí an oidhce ana ciúin agus an gealach ag taitneamh ar an loch. Nuair a bhí sé in aice an locha thug sé fé ndeara ana thamall amach san uisce ceathrar fear ag siúbhal ar an uisce agus cómharthaí á iomcar aca. Bhíodar ag déanamh ar an bport; d’fan an buachaill annsan ag faire ortha ach ní raibh aon eagla air agus fhios aige
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Breathnach
    Gender
    Male
    Informant
    Diarmuid Ó Síodhcháin
    Gender
    Male