School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 269

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 269

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 269
  3. XML “Scéal - Ar Laethanta na Riabhaiche”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal
    Ar laetheannta na Riabhaiche
    Tugtar laetheannta Riabhaiche ar an dá lá deiridh don Mhárta agus an cead lá don Abrán. Seo mar a tugadh an ainm seo ar na laetheannta. Bhí bó riabhach ann fadó agus thánaig Márta cruaidh gaothmhar garbh uirthi. Fuair an bhó seo buadh ar an Mhárta go h-airithe. Bhí áthas uirthi nuair a thánaigh an “céad lá do Abrán agus do labhair sí go neamh-spleadhach agus adubhairt, “Táim bog ort anois tá an t-Abrán bog braonach tagaithe agus agus níl beann ar bith agam ort.” Cad do dhein an Mhárta ach iompúghadh siar arís agus iasacht lae d’iarraidh ar an Abrán. Fuair an Márta an lá. Do shéid sé go cruaidh a leithéid d’aimsire ní fheacaidh aoinne riamh é ó shoin. Chuir an lá sin deire leis an mbuin riabhaigh. Sin é an fáth gur tugadh laetheannta na Riabhaiche ar na laetheannta ar na laetheannta sin. Bhíodh aoidhre ag seasaimh leis na buaibh i gcaithimh laetheannta na Riabhaiche fadó ar eagla go raghaidís i bpoll. Ní chuirtear puínn spéise i laetheannta na Riabhaiche anois. Cheapadh na sean-daoine go dtárlóchadh i rith laetheannta na Raibhaiche. Is minic a bhíonn laetheannta na Riabhaiche go fuar fliuch.
    Seán Ó Dálaigh 21/11/1934
    Seán Ó Morán d’aithris
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. the Days of the Brindled Cow (~51)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Dálaigh
    Gender
    Male
    Informant
    Seán Ó Moráin
    Gender
    Male