School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 265

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 265

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 265
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí buachaill aimsire ann a bhíodh ag obair do mhnaoi uasal a's ní thugadh sí dho le nithe acht arán cruaidh agus buidéal caifí fuar trí uaire sa ló...

    Pádraig Ua Súilliobháin Cúmastabha 70 bl. d’innis
    Bhí buachaill aimsire ann a bhíodh ag obair do mhnaoi uasal a’s ní thugadh sí dho le n-ithe acht arán cruaidh agus buideál caifí fuar trí uaire sa ló. Bhí an ghráin aige ar an gcaifí. Bhrisfeadh sé an buidéal gach lá nuair a raghadh an caifí chuige sa ghort. Níor b'aon tairbhe dho é sin a dhéanamh mar bhíodh buidéal nua aige na h-aon lá. Bhí iongnad air cad as a mbíodh na buidéal ag teacht. Bhí bainne go flúirseach sa tig acht ní h-é an buachaill a fuair acht an gamhain druimfhionn dearg. Lá áirighthe ní fuair sé acht braon beag caifí agus píosa aráin a bhí bácalta le seachtmhain. Chuaidh sé amach ag obair agus dubhairt go brónach.
    Is trom atá an ramhann
    A’s is lom atá mo easnadh
    Is ná beurfaidh Lá Samhna
    Ar an ngamhain Druimfhionn dearg.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Súilliobháin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Com Dhá Stogha, Co. Kerry