School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 263

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 263

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 263
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear ann fadó agus ní raibh acht an taon chaora amháin aige...

    Pádraig Ua Súilliobháin Cúmastabha d’innis
    Bhí fear ann fadó agus ní raibh acht an t-aon chaora amháin aige. Thárla gur ghoid duine éigin an chaora uaidh. Chuaidh sé isteach i dtig lá as chonnaic sé fé’n mbórd an croiceann agus na h-adharca agus d’aithin sé iad. Bhí an feóil ar an mbórd agus an líon tighe dá ithe. Blas de ní fuair mo dhuine bocht. Dubhairt sé:
    Shíos i Árd Fhearta chonnac mo chaora adharcach
    Chonnac a ceann, chonnac a crúba
    Chonnac a lomra caithte sa chúinne
    Chonnac sa beirbhighthe í
    Chonnac a roinnt í
    Ghlacas dúil innti acht blúire ní bhfuighinn di
    A’s cúig gíní óir do thabharfainn ar an cúpla greim di.
    Ólfaimíd sláinte an ceann seo
    ‘S mairfidh ár muinntir go deó
    Ó an sparán ní fáisgtear an córda air
    Acht an fhaid ná beidh sé ann le n-ól.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Súilliobháin
    Gender
    Male
    Address
    Com Dhá Stogha, Co. Kerry